An bhfuil d’ioncam breise incháinithe?

B’fhéidir go bhfaighfeá ioncam sa bhreis a bhfuil ort cáin a íoc air. Ní mór duit an t-ioncam seo a dhearbhú ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim. Samplaí d’ioncam breise is ea:

Caitear le leideanna a fhaightear go díreach ó phátrúin mar ioncam incháinithe breise freisin. 

Is seachjabanna nó seachobair é obair tar éis gnáthuaireanta oibre nó obair pháirtaimseartha. Samplaí is ea obair chomhairliúcháin, ranganna teagaisc príobháideacha a thabhairt nó earraí a dhíol ag margadh. Ní mór cáin a íoc ar an ioncam seo.

Cén chaoi a ndearbhaím an t-ioncam breise seo?

Má fhaigheann tú íocaíochtaí faoi bhun €5,000, bain úsáid as moChúrsaí chun an t-ioncam seo a dhearbhú ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim, mar seo a leanas:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí
  2. Cliceáil ar ‘Déan athbhreithniú ar Do Cháin 2020 - 2023’
  3. Roghnaigh an bhliain chánach cuí agus iarr Ráiteas Dliteanais
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh do Thuairisceán Cánach Ioncaim’
  5. Faoin rannán 'Ioncam neamh-ÍMAT', cuir isteach an t-ioncam ábhartha atá á dhearbhú agat agus cuir na sonraí go léir san áireamh
  6. Cliceáil ar 'Ar Aghaidh' agus ansin 'Sínigh agus tíolaic' chun an próiseas a chríochnú. 

Má fhaigheann tú íocaíochtaí de níos mó ná €5,000 in aghaidh na bliana, ní mór duit clárú le haghaidh an córais féinmheasúnaithe. Nuair a chláraíonn tú, tíolaic do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Féadtar ioncam breise a thuilltear a thíolacadh ar Fhoirm 11 trí chliceáil ar na cluaisíní a bhaineann le foinse an ioncaim sin. Samplaí de seo is ea:

  • ioncam ó chíos
  • ioncam eachtrach 
  • agus 
  • ioncam Éireannach eile

Chun do cháin ar ioncam breise a ríomh, ní mór tuiscint a bheith agat ar an gcaoi a n-oibríonn creidmheasanna cánach agus bandaí ráta.