Íocaíochtaí cothabhála

Léargas ginearálta

Mínítear sa rannán seo na cineálacha íocaíochtaí cothabhála a fhéadtar a fháil ó iarpháirtnéir agus an chaoi a ngearrtar cáin orthu.

Tagraíonn iarpháirtnéir don mhéid seo a leanas:

  • chéile idirscartha nó iar-chéile
  • pháirtnéir sibhialta idirscartha nó iarpháirtnéir sibhialta
  • iar-chomhchónaitheoir a raibh tú i do chónaí leo ar feadh:
    • dhá bhliain nó níos mó, sa chás go bhfuil leanaí agaibh le chéile 
    • cúig bliana nó níos mó, sa chás nach bhfuil leanaí agaibh le chéile.

Ní fhéadann comhchónaitheoir a bheith pósta le linn na tréimhse comhchónaitheachta.

Má dhéanann tú íocaíochtaí cothabhála seachas iad a fháil, féach ar Faoiseamh i leith Íocaíochtaí Cothabhála.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí