Íocaíochtaí cothabhála

Íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí

Is éard is íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí ann ná íocaíochtaí a dhéantar go rialta le hiarchéile (go bliantúil, go seachtainiúil, go míosúil) faoi:

  • ordú cúirte
  • gníomhas idirscartha
  • aon ghealltanas dlíthiúil eile (amhail cúnant).

Mura gcomhlíonann an íocaíocht na critéir thuas, caithfear leis mar íocaíocht cothabhála shaorálach.

Féadfaidh sé go n-iarrfar ar d’iarpháirtnéir de réir dlí suim a íoc go rialta ar do shon (amhail íocaíocht mhorgáiste). Caitear leis seo mar íocaíocht chothabhála leat atá infhorfheidhmithe le dlí.

Féadtar íocaíochtaí a dhéanamh roimh chur i gcrích fhoirceannadh an chaidrimh, má tá sé infhorfheidhmithe le dlí.

Má dhéanann tú íocaíochtaí cothabhála seachas iad a fháil, féach ar an leathanach Léargas Ginearálta le haghaidh tuilleadh eolais. 

Cánachas íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí

Ní mór íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí a íoc ina n-iomláine. Ní fhéadann d’iarpháirtnéir suim a asbhaint ón íocaíocht. Íoctar an méid seo a leanas i leith gach íocaíocht a fhaightear chun do shochar féin: 

Ní íocfaidh tú cánacha ar aon suim a íocadh chun sochair do leanaí.

An chaoi le híocaíochtaí cothabhála a dhearbhú mar cháiníocóir ÍMAT

Chun éileamh a dhéanamh sa bhliain reatha cánach trí ‘Seirbhísí ÍMAT’ in moChúrsaí úsáid, lean na céimeanna seo a leanas:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar ‘Bainistigh Do Cháin 2024’.
  3. Cliceáil ar ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’.
  4. Roghnaigh ‘Íocaíochtaí Cothabhála faighte’.
  5. Cuir isteach an fhaisnéis ar fad faoi na híocaíochtaí cothabhála a mheasann tú go bhfaighidh tú in 2024.

Mura bhfuil aon ioncam Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) agat, ní mór duit an Cháin Ioncaim, MSU agus ÁSPC atá dlite a íoc faoin mbonn féinmheasúnaithe.

An chaoi le híocaíochtaí cothabhála a dhearbhú le haghaidh blianta roimhe seo

I gcás 2020 agus blianta ina dhiaidh, lean na céimeanna seo a leanas:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2020-2023’ faoin gcluaisín ‘Seirbhísí ÍMAT’.
  3. Iarr Ráiteas Dliteanais.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Ar an leathanach ‘Ioncam neamh-ÍMAT’, faoin rannán 'Ioncam eile’ roghnaigh ‘Íocaíochtaí Cothabhála faighte’.
  6. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Cánachas d’iarpháirtnéara

Féadann d’iarpháirtnéir faoiseamh cánach a éileamh i leith na suime a d’íoc siad chun do shochair féin. Ní fhéadann siad faoiseamh a éileamh i leith íocaíochtaí cothabhála a rinneadh chun sochair leanaí.

Tabhair do d’aire

Le go mbeidh feidhm ag an gcánachas seo, ní mór nach ngearrtar cáin ort agus ar d’iarpháirtnéir mar lánúin phósta. Má ghearrtar cáin oraibh mar lánúin phósta, déanfar neamhaird ar gach íocaíocht chothabhála infhorfheidhmithe le dlí chun críocha Cánach Ioncaim.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí cothabhála saorálacha