Faoiseamh i leith Íocaíochtaí Cothabhála
Léargas ginearálta
Mínítear sa rannán seo na cineálacha íocaíochtaí cothabhála a fhéadtar a íoc le hiarpháirtnéir agus an chaoi a ngearrtar cáin orthu.
Mínítear chomh maith cén uair agus cén chaoi a bhféadtar faoiseamh a éileamh má íocann tú cothabháil le d’iarpháirtnéir.
Tagraíonn iarpháirtnéir don mhéid seo a leanas:
- chéile idirscartha nó iar-chéile
- páirtnéir sibhialta idirscartha nó iarpháirtnéir sibhialta
- iar-chomhchónaitheoir a raibh tú i do chónaí leo ar feadh:
- dhá bhliain nó níos mó, sa chás go bhfuil leanaí agaibh le chéile
- cúig bliana nó níos mó, sa chás nach bhfuil leanaí agaibh le chéile.
Ní fhéadann comhchónaitheoir a bheith pósta le linn na tréimhse comhchónaitheachta.
Tabhair do d’aire
Níl faoiseamh ar fáil le haghaidh íocaíochtaí cothabhála chun sochair do chuid leanaí.
Má fhaigheann tú íocaíochtaí cothabhála seachas iad a íoc, féach ar Ioncaim bhreise.
Ar aghaidh: Íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí