Faoiseamh i leith Íocaíochtaí Cothabhála

Íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí

Is éard is íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí ann ná:

  • íocaíochtaí a dhéantar le hiarpháirtnéir faoi:
    • ordú cúirte
    • gníomhas idirscartha
    • aon ghealltanas dlíthiúil eile (amhail cúnant).
  • tréimhsiúil (bliantúil, míosúil, seachtainiúil).

Mura gcomhlíonann an íocaíocht na critéir thuas, caithfear leis mar íocaíocht shaorálach.

Féadfaidh sé go n-iarrfar ort de réir dlí suim a íoc go rialta ar son d’iarpháirtnéara, amhail íocaíocht mhorgáiste. Caitear leis seo mar íocaíocht chothabhála infhorfheidhmithe le dlí le d’iarpháirtnéir.

Féadtar an íocaíocht a dhéanamh roimh chur i gcrích fhoirceannadh an chaidrimh, má tá sé infhorfheidhmithe le dlí.

Cánachas íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí

Ní mór íocaíochtaí infhorfheidhmithe le dlí a íoc ina n-iomláine. Ní fhéadtar suim a asbhaint ón íocaíocht.

Féadtar faoiseamh cánach a éileamh i leith na suime a d’íoc tú chun sochair d’iarpháirtnéara.

Ní fhéadtar faoiseamh cánach a éileamh i leith aon suim d’íocaíocht cothabhála a dhéantar chun sochair do chuid leanaí. 

Cánachas d’iarpháirtnéara

Íocfaidh d’iarpháirtnéir an méid seo a leanas i leith gach íocaíocht a dhéantar leo chun sochair dóibh: 

Ní íocfaidh siad cáin i leith aon suime a íocann tú i leith do leanaí.

Tabhair do d’aire

Le go mbeidh feidhm ag an gcánachas seo, ní mór nach ngearrtar cáin ort agus ar d’iarpháirtnéir mar lánúineacha pósta.

ghearrtar cáin oraibh mar lánúineacha pósta, déanfar neamhaird ar gach íocaíocht chothabhála infhorfheidhmithe le dlí chun críocha cánach ioncaim.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí cothabhála saorálacha