Idirscaradh, colscaradh, scaoileadh páirtnéireachta sibhialta agus neamhniú sibhialta

Roghnú a dhéanamh a bheith déileáilte mar pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta

Idirscaradh, colscaradh nó scaoileadh páirtnéireacht shibhialta

Nuair a scarann tú, colscarann tú nó scaoileann tú do pháirtnéireacht shibhialta, féadfaidh tú roghnú a bheith déileáilte mar pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta chun críocha cánach. Chun éileamh a dhéanamh ina leith seo, ba chóir:

  • duitse fógra i scríbhinn, sínithe ag an mbeirt pháirtí, a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim roimh dheireadh na bliana cánach
  • duit a bheith ag íoc íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí
  • daoibh beirt a bheith cónaitheach in Éirinn
  • nár phós tú arís, más rud é go bhfuil tú colscartha. Baineann sé seo le d’iarchéile nó iarpháirtnéir shibhialta freisin.

Agus an déileáil seo roghnaithe agat, níl ach measúnú ar leithligh ar fáil.

Féadfaidh an bheirt agaibh creidmheasanna cánach agus bandaí ráta cothroma a éileamh i rith na bliana. Féadtar na creidmheasanna agus an banda ráta neamhúsáidte a aistriú mar chuí.

Féadfaidh tú athbhreithniú ar do chúrsaí chánach a iarraidh ag deireadh na bliana. Léiríonn sé seo má tá aon chreidmheasanna cánach agus bandaí ráta neamhúsáidte ar fáil chun aistriú.

Neamhniú Sibhialta

I gcás neamhniú sibhialta, níl aon rogha ar fáil maidir leis an déileáil chun críocha cánach. Ní fhéadfaidh tú agus d’iarchéile nó iarpháirtnéir shibhialta roghnú go ngearrfaí cáin oraibh mar lánúin phósta nó mar pháirtnéirí sibhialta.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí cothabhála