Idirscaradh, colscaradh, scaoileadh páirtnéireachta sibhialta agus neamhniú sibhialta

Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhreacha PSP) 'W'

Sa chás go bhfuil tú colscartha nó idirscartha le déanaí agus go bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) ‘W’, beidh ort UPSP ionaid a fháil. Déantar seo le cinntiú go bhfaigheann tú na creidmheasanna cánach agus banda ráta cearta. Eiseoidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) UPSP nua chugat.

Céard is gá a dhéanamh

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas UPSP nua a fháil, féach Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP).

Féach ar shuíomh idirlín na RCS le haghaidh tuilleadh eolais.