Idirscaradh, colscaradh, scaoileadh páirtnéireachta sibhialta agus neamhniú sibhialta

Creidmheasanna cánach, faoisimh agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)

Féadtar an CCCLDS a éileamh má chomhlíonann tú na coinníollacha.

Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste

Féadtar an creidmheas seo a éileamh, má íocann tú ús ar mhorgáiste ar theach d'iarchéile nó do d’iarpháirtnéir sibhialta. Ní mór an iasacht a bheith chun, príomháit chónaithe d’iarpháirtnéara a cheannach, a dheisiú, a fhorbairt nó a fheabhsú.

Féadfaidh tú an creidmheas a éileamh freisin má íocann tú ús morgáiste ar an aon áit chónaithe s’agat nó ar do phríomháit chónaithe.

Creidmheas Cánach do Bhaintreach

Má fhaigheann d’iarchéile nó d'iarpháirtnéir sibhialta bás agus sibh scartha, féadtar creidmheas breise cánach a éileamh do bhaintreacha

Níl an creidmheas seo ar fáil duit nó do d’iarphairtnéir más rud é:

  • go raibh sibh colscartha
  • go bhfuil bhur bpáirtnéireacht shibhialta scaoilte agaibh.

Ar aghaidh: Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhreacha PSP) 'W'