Idirscaradh, colscaradh, scaoileadh páirtnéireachta sibhialta agus neamhniú sibhialta
Bliain an idirscartha, colscartha nó scaoileadh páirtnéireachta sibhialta
Braitheann an chaoi a ngearrtar cáin ort sa bhliain a tharlaíonn an t-idirscaradh ar an gcaoi ar gearradh cáin ort nuair a bhí tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta. Tá feidhm le haon athrú ar stádas cánach ón dáta idirscartha, agus ní ón dáta a chuireann tú in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil tú scartha.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcaoi a ngearrtar cáin ar lánúineacha pósta agus ar pháirtnéirí sibhialta, féach Pósadh agus páirtnéireachtaí sibhialta.
Measúnú comhpháirteach
Má ba thusa an céile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta ainmnithe, gearrfar cáin ort i leith an mhéid seo:
- d’ioncam uile don bhliain iomlán
- agus
- ioncam d’iarchéile nó d’iarpháirtnéara shibhialta suas go dtí dáta an idirscartha.
Folaíonn sé seo aon íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí a íoctar leat atá chun do leasa féin amháin.
Féadtar na creidmheasanna seo a leanas a éileamh i mbliain an scartha:
Má ba thusa an céile nó páirtnéir sibhialta neamh-inmheasúnaithe, gearrfar cáin ort ar an ioncam a thuilleann tú ó dháta an idirscartha go dtí deireadh na bliana. Folaíonn sé seo aon íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí a íoctar leat ar chun do leasa féin amháin iad. Is féidir leat éileamh a dhéanamh ar:
Measúnú ar leithligh
Má bhí tú ar bhonn measúnaithe ar leithligh, beidh na rialacha céanna i bhfeidhm agus a bhaineann le lánúineacha ar bhonn measúnaithe comhpháirtigh thuas. Meastar gur thú an céile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta ainmnithe más amhlaidh:
- go mba tusa an céile nó páirtnéir sibhialta inmheasúnaithe sular roghnaigh tú nó do pháirtnéir measúnú ar leithligh
- nó
- go mba tusa an céile nó páirtnéir sibhialta leis an ioncam is airde mura raibh tú riamh ar bhonn measúnaithe chomhpháirtigh.
Seachas sin, meastar gur thú an céile inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta.
Déileáil ar leithligh (tugtar measúnú singil air seo freisin)
Má bhí measúnú á dhéanamh oraibh mar dhaoine singile roimh an idirscaradh, beidh an bonn déileála Canach Ioncaim tríd is tríd mar an gcéanna tar éis an idirscartha. Gearrfar cáin ort ar aon íocaíochtaí cothabhála infhorfheidhmithe le dlí a íoctar leat ar chun do leasa féin amháin iad.
Féadfaidh tú na creidmheasanna seo a leanas a éileamh:
- Sampla
Tá Alex agus Sam, a phós in 2011, faoi mheasúnú comhpháirteach le haghaidh cánach, agus ba é Alex an céile inmheasúnaithe.
Thíolaic Alex agus Sam tuairisceáin Cánach Ioncaim do na blianta 2022, 2023 agus 2024 ar bhonn measúnaithe comhpháirtigh, ag taispeáint na hioncaim agus na dliteanais seo a leanas:
Ioncam agus dualgais Alex agus Sam
Bliain
|
Ioncam Alex
|
Ioncam Sam
|
Dliteanas faoi mheasúnú comhpháirteach
|
2022
|
€51,000
|
€10,000
|
€6,440
|
2023
|
€53,000
|
€10,000
|
€6,300
|
2024
|
€55,000
|
€10,000
|
€6,300
|
Bhí Alex agus Sam scartha go fíriciúil i mí an Mheithimh 2022, agus bhíodar scartha go dlíthiúil faoi ordú cúirte i mí an Mheithimh 2024. Chuir Alex na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas go raibh siad scartha i mí Eanáir 2025.
Ós rud é go raibh siad scartha go fíorasach i mí an Mheithimh 2022, ní fhéadfaidh siad leas a bhaint as measúnú comhpháirteach ón dáta sin, beag beann ar cén uair a chuir siad an t-eolas ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Ciallaíonn sé seo go ngearrtar cáin orthu mar dhaoine singil agus go bhfuil na rialacha speisialta atá leagtha amach thuas, i bhfeidhm i leith na bliana idirscartha.
Dliteanais cánach leasaithe do Alex agus Sam ag taispeáint ró-íocaíochtaí/gearríocaíochtaí:
Ró-íocaíochtaí agus gearríocaíochtaí Alex agus Sam
Bliain
|
Gearríocaíochtaí Alex
|
Ró-íocaíochtaí Sam
|
2022
|
€2,000
|
€300
|
2023
|
€3,575
|
€225
|
2024
|
€3,675
|
€125
|
Le haghaidh tuilleadh eolais ar céard atá le déanamh má tá gearríocaíocht Cánach Ioncaim agat, féach Céard atá le déanamh má tá Cáin Ioncaim nó MSU gearríoctha agat.
Idirscaradh fíorasach
Is féidir le lánúin a bheith idirscartha go fíorasach nuair a bhíonn a saol pósta críochnaithe ach nach bhfuil an idirscaradh déanta foirmeálta i gconradh dleathach.
Tarlaíonn idirscaradh fíorasach nuair is dócha go mbeidh an scaradh buan.
Féadtar roghnú go ndéileálfaí leat mar dhuine pósta nó duine i bpáirtnéireacht shibhialta chun críocha cánach sa bhliain:
- a scarann tú
- a fhaigheann tú colscaradh
- nó
- a dhíscaoileann tú do pháirtnéireacht shibhialta.
Leagtar é seo amach ar an gcéad leathanach eile, Roghnú go ndéileálfaí leat mar dhuine pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta.
Ar aghaidh: Roghnú go ndéileálfaí leat mar dhuine pósta nó duine i bpáirtnéireacht shibhialta