Idirscaradh, colscaradh, scaoileadh páirtnéireachta sibhialta agus neamhniú sibhialta

Sócmhainní agus maoin a aistriú idir iarpháirtnéirí

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)

Ní chaithfear CGC a íoc má thugann cúirt ordú go n-aistreofaí sócmhainní idir iarpháirtnéirí.

Tá an t-áras roinnte teaghlaigh san áireamh sna sócmhainní seo. Ní fhéadtar sócmhainní a áireamh atá mar chuid de stoc trádála a bhaineann le trádáil nó gnóthas.

Má tá caillteanais incheadaithe neamhúsáidte agat, féadfaidh tú iad a aistriú chuig d'iarpháirtnéir i mbliain an idirscartha.

Má dhéanann tú maoin a dhiúscairt chuig d'iarpháirtnéir nuair a scarann tú ní mór duit CGC a íoc ar an ngnáthbhealach. Ní áirítear leis seo má dhéantar diúscairt mar gheall ar ordú cúirte.

Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC) agus Dleacht Stampa

Féadtar scaradh ach fanacht pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta le d’iarpháirtnéir ó thaobh an dlí de. Sa chás seo níl ort CFC ná Dleacht Stampa a íoc ar mhaoin a aistríodh eadraibh.

Má tá tú colscartha nó má tá do pháirtnéireacht shibhialta scaoilte, féadann an chúirt ordú a dhéanamh chun maoin a aistriú eadraibh. Ní bheidh ort CFC ná Dleacht Stampa a íoc ar na haistrithe maoine ordaithe cúirte. Is é seo an cás maidir le horduithe ó chúirteanna eachtrannacha atá aitheanta mar orduithe bailí in Éirinn.

Má fhaigheann tú neamhniú eaglaise, ní fhágfaidh sé do phósadh sa dlí sibhialta mar phósadh neamhbhailí. Is céilí ó thaobh an dlí fós thú féin agus d'iarchéile chun críocha CFC agus an Dleacht Stampa.

Ar aghaidh: Creidmheasanna cánach, faoisimh agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh