Faoiseamh i leith Íocaíochtaí Cothabhála
Cén chaoi lena n-éilítear faoiseamh?
Daoine Aonair le ioncam Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT)
Má íocann tú do cháin faoin gcóras ÍMAT bain úsáid as moChúrsaí chun éileamh a dhéanamh ar an gcreidmheas seo.
Éileamh a dhéanamh i leith na bliana reatha
In Seirbhísí IMÁT, roghnaigh ‘Bainistigh do cháin’ agus cuir an creidmheas leis.
Eiseofar:
Íocfaidh d’fhostóir aon aisíocaíocht dhlite go díreach leat.
Éileamh a dhéanamh i leith blianta roimhe
2019 agus blianta ina dhiaidh:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí.
- Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2018 go 2021’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT.
- Iarr ‘Ráiteas Dliteanais’.
- Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
- Roghnaigh ‘Íocaíochtaí Cothabhála Déanta’ ar an leathanach ‘Creidmheasanna Cánach agus Faoisimh’ agus cuir an creidmheas leis.
- Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.
Íocfaidh muid aon aisíocaíocht dhlite go díreach leat.
Daoine féinmheasúnaithe
Mura bhfuil ioncam ÍMAT agat, féadtar faoiseamh cánach a éileamh nuair a thíolacann tú d’Fhoirm 11 trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).