Íocaíochtaí cothabhála

Íocaíochtaí cothabhála saorálacha

Is éard is íocaíochtaí saorálacha cothabhála ann ná íocaíochtaí a fhaigheann tú ó d’iarpháirtnéir gan comhaontú dlíthiúil a bheith i bhfeidhm.

Déantar neamhaird ar íocaíochtaí saorálacha cothabhála chun críocha Cánach Ioncaim. Níl ort an méid seo a leanas a íoc:

Ní fhéadann d’iarpháirtnéir asbhaint Cánach Ioncaim a éileamh i leith na n-íocaíochtaí seo.

Féadfaidh sé, áfach, go bhfuil Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC) i bhfeidhm maidir leis na híocaíochtaí seo sa chás go sáraítear na tairseacha grúpa le haghaidh CFC.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí cothabhála i leith leanaí