Táirgeoirí beaga leann úll agus leann piorraí - bunú agus faoiseamh

Cén chaoi a n-éilítear an faoiseamh?

Féadtar an faoiseamh a éileamh trí iarchur nó trí aisíocaíocht. Ciallaíonn iarchur go n-íocann tú an cháin ag an ráta laghdaithe. Ciallaíonn aisíocaíocht go n-íocann tú an cháin ina hiomláine agus go n-aisíocann na Coimisinéirí Ioncaim 50% leat tráth ina dhiaidh sin.

Tá aisíocaíocht nó iarchur na Cánach ar Tháirgí Alcóil (CTA) ar fáil don duine:

  • a d’íoc
  • atá dlite an cháin a íoc

ar an leann úll agus leann piorraí.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na nósanna imeachta maidir le iarchur agus aisíocaíocht sa PN 1888.

D'fhéadfadh leann úll agus leann piorraí arna dtáirgeadh ag táirgeoirí Éireannacha leann úll agus leann piorraí agus atá coinsínithe le Ballstáit eile an Aontais Eorpaigh a bheith incháilithe le haghaidh faoiseamh nó rátaí laghdaithe atá curtha ar fáil sna tíortha sin. Bíonn athrú ar an gcritéar incháilitheachta do rátaí laghdaithe ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Ba chóir fiosruithe ina leith seo a dhéanamh go díreach le húdaráis chánach an Bhallstáit a bhfuil an leann úll agus leann piorraí á gcoinsíniú chuig.

D'fhéadfadh leann úll agus leann piorraí arna dtáirgeadh ag táirgeoirí Éireannacha leann úll agus leann piorraí agus atá easpórtáilte le tíortha eile lasmuigh den Aontas Eorpach (Tríú Tíortha) a bheith incháilithe le haghaidh faoiseamh nó rátaí laghdaithe atá curtha ar fáil sna tíortha sin. Ba chóir fiosruithe ina leith seo a dhéanamh go díreach le húdaráis chánach na tíre a bhfuil an leann úll agus leann piorraí á gcoinsíniú chuige.

Ar aghaidh: Leann úll agus leann piorraí cáilitheach a aistriú