Táirgeoirí beaga leann úll agus leann piorraí - bunú agus faoiseamh

Cén chaoi a gcáilíonn táirgeoirí leann úll agus leann piorraí don fhaoiseamh?

Tá faoiseamh ar fáil ar leann úll agus leann piorraí a sháraíonn 2.8% de réir toirte ach nach mó ná 8.5% de réir toirte a tháirgeann táirgeoirí beaga cáilitheacha.

Tá an faoiseamh ag ráta 50% de na rátaí caighdeánacha Cánach ar Tháirgí Alcóil (CTA) le haghaidh leann úll agus leann piorraí.

Beidh táirgeoir leann úll agus leann piorraí cáilithe le haghaidh faoisimh más rud é:

  • nach raibh an méid iomlán leann úll agus, nó leann piorraí, nó iad araon, a táirgeadh sa bhliain féilire roimhe sin níos mó ná 10,000 heictilítear
  • tá an táirgeoir neamhspleách ar aon tháirgeoir eile leann úll agus leann piorraí
  • agus
  • go bhfuil an t-áitreabh lonnaithe ar leithligh ó áitreabh táirgeora eile leann úll agus leann piorraí.

Beidh táirgeoir leann úll agus leann piorraí cáilithe freisin má bhí níos lú ná 50% den leann úll agus leann piorra a táirgeadh sa bhliain féilire roimhe sin faoi:

  • cheadúnas
  • faoi shaincheadúnas
  • faoi chonradh

do tháirgeoir eile leann úll agus leann piorraí.

Má tá dhá tháirgeoir leann úll agus leann piorraí nó níos mó agat, caitear leat mar tháirgeoir aonair leann úll agus leann piorraí. Cáileoidh tú don fhaoiseamh seo fad is nach sáraíonn an méid iomlán an leann úll agus an leann piorraí a tháirg na táirgeoirí sin 10,000 heictilítear sa bhliain féilire roimhe sin.

Ba chóir aon leann úll agus leann piorraí a tháirgeann tú faoi cheadúnas, saincheadúnas nó conradh do tháirgeoir leann úll agus leann piorraí eile a chur san áireamh agus do chainníocht táirgthe bliantúil á ríomh. De ghnáth, ní cháilíonn leann úll agus leann piorraí a tháirgtear faoi cheadúnas, saincheadúnas nó conradh do tháirgeoir eile leann úll agus leann piorraí le haghaidh faoisimh.

Mar sin féin, tá eisceacht ann maidir leis seo trína gcáileoidh leann úll agus leann piorraí a tháirgtear do tháirgeoir eile leann úll agus leann piorraí faoi cheadúnas, saincheadúnas nó conradh don fhaoiseamh más rud é:

  • go gcomhlíonann gach ceann de na táirgeoirí leann úll agus leann piorraí na critéir atá leagtha amach thuas
  • nár sháraigh an méid leann úll agus leann piorraí a tháirg gach duine de na táirgeoirí 10,000 heictilítear
  • agus
  • nár sháraigh an méid iomlán leann úll agus leann piorraí a tháirg gach duine de na táirgeoirí leann úll agus leann piorraí15,000 heictilítear sa bhliain féilire roimhe.

Ciallaíonn 'leann úll agus leann piorraí', mar a shainmhínítear i reachtaíocht na hÉireann, deoch atá níos mó ná toirt 1.2%, ach nach mó ná toirt 15%, a fhaightear ó choipeadh sú úll nó piorra agus gan na nithe seo a leanas a chur leis:

  • aon deoch meisciúla eile
  • aon deoch nó substaint eile a théann i gcion ar dhath nó ar bhlas agus a athraíonn carachtar an táirge go suntasach trína chois sin, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ciallaíonn sé seo nach mbaineann an faoiseamh le leann úll blaistigh torthaí agus leann piorra ar nós sú craobh, cuirín dubh nó leann úll torthaí measctha. Chun críocha máil, rangaítear deochanna mar seo mar 'dheochanna coipthe eile – seachas leann úll agus leann piorraí'.

Is féidir tuilleadh eolais faoin tairseach táirgthe bliantúil iomlán is infheidhme maidir le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a fháil sa Explanatory Notes a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí na Nollag 2021.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-éilítear an faoiseamh?