Táirgeoirí beaga leann úll agus leann piorraí - bunú agus faoiseamh

An chaoi le socrú suas mar tháirgeoir beag leann úll agus leann piorraí

Má tá sé ar intinn agat bunú mar tháirgeoir beag leann úll agus leann piorraí, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh sula bhféadann tú tús a chur leis an táirgeadh:

  • ní mór duit a bheith údaraithe mar choimeádaí trádstórais ag d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim
  • ní mór don áitreabh a bheith faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim mar thrádstóras cánach atá oiriúnach chun leann úll agus leann piorraí a tháirgeadh agus a stóráil
  • agus
  • ní mór duit Ceadúnas Déantóra Leanna Úll a bheith agat sula dtosaíonn tú an táirgeadh.

Féadtar tuilleadh eolais maidir le trádstóras cánach a bhunú a fháil ar an leathanach Tax Warehouses.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig de chuid na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh eolais ar riachtanais agus na próisis atá i gceist le gnó beag táirgeachta leann úll agus leann piorraí a bhunú.

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas iarratais ar cheadúnas a fháil ón Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil.

Ar aghaidh: Cén chaoi a gcáilíonn táirgeoirí leann úll agus leann piorraí don fhaoiseamh?