Táirgeoirí beaga leann úll agus leann piorraí - bunú agus faoiseamh

Cé atá ina tháirgeoir beag leann úll agus leann piorraí?

Táirgeoir beag leann úll agus leann piorraí is ea duine a:

  • táirgeann nach mó ná 10,000 heictilítear leann úll agus leann piorraí i mbliain
  • agus
  • atá neamhspleách go dlíthiúil agus go heacnamaíoch ar aon táirgeoir leann úll agus leann piorraí eile.

Féadfaidh táirgeoirí beaga cáilitheacha faoiseamh a fháil ar leath an méid Cánach ar Tháirgí Alcóil (CTA) a íocadh ar suas le 8,000 heictilítear leann úll agus leann piorraí a tháirgeann siad i mbliain.

Ar aghaidh: An chaoi le socrú suas mar tháirgeoir beag leann úll agus leann piorraí