Táirgeoirí beaga leann úll agus leann piorraí - bunú agus faoiseamh

Léargas ginearálta

Fógraíodh faoiseamh nua ó Cháin Táirgí Alcóil (CTA) i mBuiséad 2023 le haghaidh leann úll agus leann piorraí arna dtáirgeadh ag táirgeoirí beaga cáilitheacha. Tá an faoiseamh ar fáil i dtaca le leann úll agus leann piorraí cáilitheach a scaoiltear lena gcaitheamh ón 1 Eanáir 2023.

Chun críocha máil, caitear le leann úll agus leann piorraí mar an deoch chéanna, dá dtagraítear in Alt 73 den Acht Airgeadais 2003 mar 'leann úll agus leann piorraí'. Is féidir le táirgeoir leann úll agus leann piorraí a bheith:

  • ina tháirgeoir leann úll nó leann piorraí amháin
  • táirgeoir leann úll nó leann piorraí araon.

Féadann an táirgeoir nó an mórdhíoltóir a chuireann an leann úll agus an leann piorraí amach ar an margadh Éireannach an faoiseamh a éileamh.

Ar aghaidh: Cé atá ina tháirgeoir beag leann úll agus leann piorraí?