Micreaghrúdlanna – bunú agus faoiseamh

Cén chaoi a n-éilítear an faoiseamh?

Féadtar an faoiseamh a éileamh trí iarchur nó trí aisíocaíocht. Ciallaíonn iarchur go n-íocann tú an cháin ag an ráta laghdaithe. Ciallaíonn aisíocaíocht go n-íocann tú an cháin ina hiomláine agus go n-aisíocann na Coimisinéirí Ioncaim 50% leat tráth ina dhiaidh sin.

Tá aisíocaíocht nó iarchur na Cánach ar Tháirgí Alcóil ar fáil don duine:

  • a d’íoc
  • nó atá dlite an cháin a íoc

ar an mbeoir.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar na nósanna imeachta i leith iarchur agus aisíocaíocht in PN 1888

Féadfaidh sé go mbeidh beoir a tháirgítear i ngrúdlanna Éireannacha atá coinsínithe do Bhallstáit eile incháilithe le haghaidh faoiseamh nó rátaí laghdaithe atá curtha ar fáil sna tíortha sin. Bíonn athrú ar an gcritéar incháilitheachta do rátaí laghdaithe ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Ba chóir fiosruithe a dhéanamh go díreach le húdaráis chánach an Bhallstáit a bhfuil an bheoir á gcoinsíniú.

D'fhéadfadh beoir a tháirgtear i ngrúdlanna Éireannacha a easpórtáiltear chuig tíortha eile lasmuigh den Aontas Eorpach (AE) (Tríú tíortha) a bheith incháilithe le haghaidh faoisimh nó rátaí laghdaithe atá curtha ar fáil sna tíortha sin freisin. Ba chóir fiosruithe ina leith seo a dhéanamh go díreach le húdaráis chánach na tíre a bhfuil an bheoir á seoladh chuici.

Ar aghaidh: Beoir cháilitheach a aistriú