Micreaghrúdlanna – bunú agus faoiseamh

Beoir cháilitheach a aistriú

Ní mór duit nósanna imeachta áirithe a leanúint nuair atá tú ag aistriú beoir cháilitheach laistigh d’Éirinn agus taobh amuigh d’Éirinn. Féadtar beoir ar fionraí dleachta a aistriú (idir stórais chánach) nó nuair atá an dleacht íoctha.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar na nósanna imeachta cearta do na cineálacha éagsúla aistrithe in PN 1888.

Ón 01 Eanáir 2022, tá modhanna nua chun táirgeoirí alcóil beaga neamhspleácha a dheimhniú i bhfeidhm ar gach coinsíneacht táirgí cháilitheacha alcóil ag gluaiseacht idir Bhallstáit.

Leis Implementing Regulation (EU) 2021/2266 (arna leasú ag Implementing Regulation (EU) 2023/157 agus Implementing Regulation (EU) 2024/355), leagtar amach rialacha do dheochanna meisciúla táirgthe ag táirgeoirí beaga neamhspleácha.

Sa chás go bhfuil beoir á gcoinsíniú ag grúdlanna beaga Éireannacha neamhspleácha do Bhallstáit eile chun leas a bhaint as rátaí laghdaithe sna mBallstáit sin:

  • ní mór dóibh comhlíonadh le critéir leagtha amach i mBallstát ceann scríbe
  • ní mór dóibh dearbhú a dhéanamh ar stádas mar grúdlann neamhspleách beaga agus a táirgeadh bliantúil
  • agus
  • ní mór go bhfuil na dearbhuithe seo déanta ar na doiciméid riaracháin atá in éineacht leis na coinsíneachtaí:
    • an doiciméad riaracháin leictreonaí (e-AD) do ghluaiseachtaí dleachta ar fionraí
    • an doiciméad tionlacain simplithe leictreonaí (e-SAD) do ghluaiseachtaí dleachtíoctha.

Ní mór don choimeádaí trádstórais nó an coinsíneoir ar an ngrúdlann Éireannach na dearbhuithe seo a leanas a dhéanamh sna doiciméid riaracháin:

Ba chóir stádas na dtáirgeoirí beaga neamhspleácha a dhearbhú sa doiciméad riaracháin, sna téarmaí seo a leanas: "Deimhnítear leis seo go raibh an táirge luaite táirgthe ag grúdlann neamhspleách beaga."

Ba chóir an táirgeacht bhliantúil beorach táirgthe ag an ngrúdlann sa bhliain féilire roimhe a dhearbhú sa doiciméad riaracháin. Ba chóir an cainníocht a shonrú in heictilítear.

Nuair nach bhfuil an ghrúdlann neamhspleách bheag féin-dheimhnithe mar an coinsíneoir, ba chóir uimhir SEED nó uimhir Cánach Breisluacha na grúdlainne a dhearbhú chomh maith.

Ní bheidh an uimhir CBL curtha in iúl ach amháin nuair nach bhfuil uimhir SEED ag an grúdlann neamhspleách beag.