Micreaghrúdlanna – bunú agus faoiseamh

Cén chaoi a gcáilíonn grúdlanna don fhaoiseamh?

Beidh grúdlann incháilithe don fhaoiseamh más rud é:

  • gur lú ná 75,000 heictilítear an chainníocht bheorach a grúdaíodh sa bhliain roimhe
  • go bhfuil an ghrúdlann neamhspleách ar aon ghrúdlann eile
  • agus
  • go bhfuil an t-áitreabh lonnaithe ar leithligh ó áitreabh grúdlann eile.

Beidh grúdlann incháilithe freisin má bhí níos lú ná 50% den bheoir a grúdaíodh sa bhliain féilire roimhe:

  • faoi cheadúnas
  • faoi shaincheadúnas
  • faoi chonradh

do ghrúdlann eile.

Má tá dhá ghrúdlann nó níos mó agat, caitear leat mar aon ghrúdlann amháin. Cáileoidh tú don fhaoiseamh seo mura sháraíonn an chainníocht iomlán beorach a ghrúdaítear sna grúdlanna sin 75,000 heictilítear.

Ba chóir aon bheoir a tháirgíonn tú faoi cheadúnas, shaincheadúnas nó chonradh le haghaidh grúdlann eile a chur san áireamh nuair atá do chainníocht bhliantúil táirgeachta á ríomh. Go hiondúil, ní cháilíonn aon bheoir a tháirgítear faoi cheadúnas, shaincheadúnas nó chonradh le haghaidh grúdlann eile don fhaoiseamh. Tá eisceacht i gceist leis seo, áfach, trína mbeidh beoir a ghrúdaítear do ghrúdlann eile faoi cheadúnas, saincheadúnas nó conradh incháilithe don fhaoiseamh más rud é:

  • go gcomhlíonann gach ceann de na grúdlanna na critéir atá leagtha amach thuas
  • nár sháraigh an chainníocht bheorach a grúdaíodh i ngach ceann de na grúdlanna 50,000 heictilítear
  • agus
  • nár sháraigh an chainníocht iomlán bheorach a ghrúdaíonn gach grúdlann i gceist 150,000 heictilítear sa bhliain féilire roimhe.

Féadtar tuilleadh eolais faoi iomlán na tairsí táirgeachta bliantúla a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha do dheochanna meisciúla a fháil in Explanatory Notes a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí na Nollag 2021.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-éilítear an faoiseamh?