Micreaghrúdlanna – bunú agus faoiseamh

Cén chaoi a mbunaítear micreaghrúdlann?

Má tá sé ar intinn agat micreaghrúdlann a bhunú, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh sula bhféadann tú tús a chur leis an táirgeadh:

  • ní mór an duine a bheith údaraithe mar choimeádaí trádstórais ag a n-oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim
  • ní mór don áitreabh a bheith faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim mar thrádstóras cánach atá oiriúnach chun beoir a ghrúdú agus a stóráil ann
  • ní mór Ceadúnas Déantóra Beorach a bheith ag an ngrúdaire sula dtosaíonn an táirgeadh.

Féadtar tuilleadh eolais maidir le trádstóras cánach a bhunú a fháil ar an leathanach Tax warehouses..

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh eolais ar riachtanais agus na próisis atá i gceist le micreaghrúdlann a bhunú.

Féadtar eolas a fháil ar an bpróiseas iarratais ar cheadúnas ón Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil.

Ar aghaidh: Cén chaoi a gcáilíonn grúdlanna don fhaoiseamh?