Cáin Leictreachais

Soláthar measctha

Féadfaidh sé go bhfuil soláthar singil á dhéanamh le haghaidh teaglaim d’úsáidí baile, gnó agus neamhghnó. Cé go bhfuil gach sciar den soláthar sin, i bprionsabal, incháinithe ann féin, aithnítear i mórán cásanna, go bhféadfadh sé nach bhfuil sé indéanta cinneadh a dhéanamh faoi chainníocht an tsoláthair le haghaidh gach úsáide. Tá foráil déanta le haghaidh nós imeachta eile chun cinneadh a dhéanamh faoi na haonaid a bhfuil cáin le gearradh orthu ag gach ráta.

Bíonn úsáid baile i gceist leis an gcuid is mó de sholáthairtí measctha; ciallaíonn sé seo úsáid in áit chónaithe chun críocha eile seachas aon ghníomhaíochtaí gnó in áit chónaithe den chineál sin. Féadtar talamh slán a dhéanamh de gur le haghaidh úsáid baile atá ar an meán aonad amháin in aghaidh na míosa i gceist i soláthar baile nó gnó. Féadtar talamh slán a dhéanamh de chomh maith, i gcás soláthar measctha le haghaidh úsáidí gnó agus neamhghnó (incháinithe), go soláthraítear aonad amháin in aghaidh na míosa le haghaidh úsáid baile agus go bhfuil sé incháinithe ag an ráta níos ísle.

Ar aghaidh: Faoisimh