Cáin Leictreachais

Tuairisceáin agus íocaíochtaí

Ní mór do sholáthraithe leictreachais dliteanacha tuairisceán a thíolacadh agus íoc a dhéanamh i ngach tréimhse bliana féilire faoi 31 Eanáir na bliana ina dhiaidh.

Ceithre lá dhéag roimh an dáta dlite, seolann na Coimisinéirí Ioncaim ríomhphost chuig custaiméirí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ag meabhrú dóibh íoc agus tíolacadh a dhéanamh.

Féadfaidh sé nach bhfuil an t-eolas iomlán ag soláthraithe le haghaidh na dá mhí dheireanacha den bhliain lena dtuairisceán a chomhlánú roimh an dáta dlite. Féadfaidh soláthraithe den chineál sin a ndliteanas bliantúil a thíolacadh agus a íoc bunaithe ar thuairisceán measta sealadach agus ní mór tuairisceán deiridh a thíolacadh roimh 31 Márta. Nuair nach bhfuil dliteanas dlite, ní mór do sholáthraithe dliteanacha tuairisceán nialasach a thíolacadh.

Má loiceann cáiníocóir an méid dlite a íoc, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fiach a chur ar aghaidh le haghaidh gníomh forfheidhmiúcháin. Féadfaidh sé go bhfolódh sé seo forfheidhmiúchán sirriaim, imeachtaí sibhialta trí na cúirteanna nó astú tríú páirtithe.

Gearrfaidh na Coimisinéirí ús sa chás:

  • go ndéantar íocaíochtaí tar éis an dáta dhlite
  • go n-íocann an soláthraí an méid ar an tuairisceán sealadach agus go bhfuil sé níos ísle ná an dliteanas deiridh. Ní bhaineann sé seo le hábhar ach amháin nuair is mó an difríocht ná 5% idir an méid sealadach a íocadh agus an dliteanas bliantúil deiridh.

Cén chaoi le tuairisceán a thíolacadh agus íocaíocht a dhéanamh

Féadfaidh custaiméirí atá cláraithe le haghaidh ROS tuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh ar ROS.

Féadfaidh custaiméirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh ROS tuairisceán a thíolacadh ach an Electricity Tax Return a úsáid. Ní mór an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig Rannóg an Ard-Bhailitheora.

Féadfaidh custaiméirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh ROS íocaíocht a dhéanamh trí moChúrsaí nó trí Ríomhaistriú Airgid (EFT).

Gearríocaíochtaí agus ró-íocaíochtaí

Nuair a thíolacann an soláthraí an tuairisceán deiridh, ní mór dóibh aon ghearríocaíocht dhlite a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Féadfaidh an soláthraí iarraidh go ndéanfaí aon ró-íocaíocht a fhritháireamh in aghaidh an dliteanais don chéad tréimhse eile chuntasaíochta.

Ní chaithfidh an soláthraí an ghearríocaíocht a íoc más rud é:

  • gur comhlíon siad a gcuid oibleagáidí
  • má tá an ghearríocaíocht mar thoradh ar eolas bréagach nó míthreorach a bheith tugtha ag an tomhaltóir dóibh.

Níl an soláthraí freagrach as an ngearríocaíocht thuas a bhailiú. Ba chóir don soláthraí na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas nuair a chreideann siad gur tharla gearríocaíocht den chineál sin.

Íocaíochtaí eatramhacha

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim íocaíocht eatramhach a iarraidh má mheasann muid go mbeidh dliteanas soláthraí níos mó ná €100,000 i dtréimhse chuntasaíochta. Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra roimh ré má theastaíonn íocaíocht eatramhach.

Aisíocaíochtaí

Ní mór don soláthraí aon aisíocaíocht dhlite a éileamh faoi fhoráil faoisimh laistigh de shé mhí ón tréimhse chuntasaíocht a raibh an faoiseamh dlite ann.

Nuair a shíneann na Coimisinéirí Ioncaim an spriocdháta, ní mór don sholáthraí an aisíocaíocht a éileamh laistigh de cheithre bliana:

  • ó dháta na ró-íocaíochta
  • ó dháta aon idirbhirt eile a chruthaíonn teidlíocht chun aisíocaíochta.

Tá gach éileamh ar aisíocaíocht i leith ró-íocaíocht cánach leictreachais faoi réir riachtanais alt 105B (arna leasú) den Acht Airgeadais, 2001.

Déanann an tomhaltóir Repayment claim for electricity used for chemical reduction or in electrolytic or metallurgical processes a thíolacadh agus seolann é chuig a noifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in éineacht le billí nó sonraisc dá soláthar leictreachais.

Ba chóir don soláthraí an Claim form for repayment a sheoladh chuig Rannóg na gCorparáidí Móra.

Ar aghaidh: Soláthar measctha