Cáin Leictreachais

Faoisimh

Chomh maith leis an bhfaoiseamh do leictreachas d’úsáid baile, tá faoiseamh ann freisin ó cháin ar leictreachas ginte:

  • ó fhoinsí in-athnuaite
  • ó chomhghiniúint teasa agus cumhachta neamhdhíobhálach don timpeallacht
  • ar bhord soithigh

agus faoiseamh ó leictreachas a úsáidtear:

  • le haghaidh dí-ocsaídiú ceimiceach nó i bpróisis leictrealaíocha nó miotaleolaíocha
  • le teas agus cumhacht in éineacht a ghiniúint
  • le haghaidh nó i dtaca le táirgeadh leictreachais.

Samhlaítear, sa chuid is mó de chásanna, go n-éileoidh an soláthraí an faoiseamh ag an bhfoinse agus iad ag déanamh an tuairisceáin cánach agus tá an fhoirm tuairisceáin deartha dá réir. Feidhmeofar an faoiseamh le haghaidh dí-ocsaídiú ceimiceach nó i bpróisis leictrealaíocha nó miotaleolaíocha trí aisíocaíocht chuig an tomhaltóir.

Faoiseamh le haghaidh leictreachas ginte ó fhoinsí in-athnuaite

Maidir leis an bhfaoiseamh do leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite, déantar cinneadh ina leith ar bhonn chéatadáin na n-aonad iomlán, soláthraithe ag soláthraí le linn tréimhse cuntasaíochta, a bhí faoi dhliteanas cánach ag na rátaí gnó agus neamhghnó. Feidhmítear na céatadáin ansin ar iomlán na n-aonad ó fhoinsí in-athnuaite soláthraithe ag an soláthraí sin sa tréimhse chuntasaíochta sin, ag an ráta cuí. Tá foirmle don ríomh seo leagtha amach in alt 63(4)(a) den Acht Airgeadais, 2008.

D’uireasa inrianaitheacht shoiléir ar sholáthar in-athnuaite ón táirgeoir go dtí an tomhaltóir, is éard a bhunófar an cinneadh faoi iomlán na n-aonad ó fhoinsí in-athnuaite ná ar shonraí an mheascáin breosla sa bhliain dheireanach a bhfuil sonraí ina leith foilsithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais.

An céatadán den mheascadh iomlán breosla, de réir sonraí den chineál sin, ó fhoinsí in-athnuaite, atá i gceist ná an céatadán den soláthar iomlán ar de bhunadh foinsí inathnuaite é. Is iad na sonraí is déanaí a foilsíodh na sonraí atá le húsáid, tráth a bhíonn an tuairisceán dlite.

Cé gur gnách don soláthraí an faoiseamh seo a éileamh nuair atá an tuairisceán á dhéanamh, tá foráil ann le haghaidh aisíocaíochta.

Foirmle do ríomh an fhaoisimh le haghaidh leictreachas ginte ó fhoinsí in-athnuaite

Don fhaoiseamh seo, meastar gur gineadh an leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite más rud é gur leictreachas é atá —

  • de bhunadh na gréine, na gaoithe, tonnta, na taoide nó de bhunadh geoiteirmeach
  • de bhunadh hiodrálach táirgthe i suiteáil hidrileictreach
  • ginte ó bhithmhais nó ó tháirgí a táirgeadh ó bhithmhais
  • ginte ó chealla breosla.

Déanfar cinneadh i leith shuim an fhaoisimh leis an bhfoirmle —

A x P1 x R1 + A x P2 x R2

áit arb ionann

  • A agus iomlán na n-aonad ó fhoinsí in-athnuaite, soláthraithe ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta
  • P1 agus céatadán na n-aonad iomlán[1], soláthraithe ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir na cánach ag an ráta le haghaidh úsáid gnó
  • P2 agus céatadán na n-aonad iomlán*, soláthraithe ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir na cánach ag an ráta le haghaidh úsáid neamhghnó
  • R1 agus an ráta le haghaidh úsáid gnó
  • agus
  • R2 agus an ráta le haghaidh úsáid neamhghnó

An figiúr ‘aonaid iomlána’ atá le húsáid chun na céatadáin a ríomh ná an figiúr le haghaidh ‘iomlán na n-aonad soláthraithe’ ar an bhfoirm tuairisceáin

Nuair nach bhféadtar iomlán na n-aonad táirgthe ó fhoinsí in-athnuaite a chinneadh ar bhealach ar bith eile, déanfar cinneadh trí thagairt do na sonraí ar an meascán breosla i dtaca leis an soláthraí bainteach, mar a fhoilsíonn an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF). Ba chóir go mbainfeadh sonraí an mheascáin breosla leis an mbliain is déanaí a bhfuil sonraí foilsithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais ina leith.

* Tá modh den chineál céanna i gceist leis an bhfaoiseamh le haghaidh leictreachas tairgthe ó chomhghiniúint teasa agus cumhachta neamhdhíobhálach don timpeallacht.

** Suas leis an 31 Nollaig 2019 agus an lá sin san áireamh, ba é €0.50 an aonaid (uair meigeavata) an ráta a bhí ar leictreachas a sholáthraítear le haghaidh úsáid gnó). Ón 1 Eanáir 2020 ar aghaidh, an ráta atá ann ná €1.00 san uair meigeavata). 

Faoiseamh le haghaidh leictreachas tairgthe ó chomhghiniúint teasa agus cumhachta neamhdhíobhálach don timpeallacht

Tá an faoiseamh seo ag brath ar fhaomhadh an údaráis inniúil – is é sin an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) – go gcomhlíonann an chomhghiniúint na critéir AE um ‘ardéifeachtúlacht’. Leagtar amach in alt 63(4)(b) den Acht Airgeadais, 2008 foirmle chun an faoiseamh seo a ríomh (cosúil leis an bhfaoiseamh le haghaidh leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite).

Mar atá i gceist leis an bhfaoiseamh le haghaidh leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite, is gnách go n-éilíonn soláthraithe an faoiseamh seo nuair atá an tuairisceán á dhéanamh acu. Tá foráil ann, áfach, le haghaidh aisíocaíochta chomh maith.

Foirmle chun an Faoiseamh le haghaidh Leictreachas Tairgthe ó Chomhghiniúint Teasa agus Cumhachta Neamhdhíobhálach don Timpeallacht a Ríomh

Déanfar cinneadh i leith shuim an fhaoisimh leis an bhfoirmle —

C x P1 x R1 + C x P2 x R2

áit arb ionann

  • C agus iomlán na n-aonad tairgthe ó chomhghiniúint teasa agus cumhachta neamhdhíobhálach don timpeallacht, soláthraithe ag an éilitheoir le linn na tréimhse íocaíochta
  • P1 agus céatadán na n-aonad iomlán*, soláthraithe ag an éilitheoir le linn tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir na cánach ag an ráta le haghaidh úsáid gnó
  • P2 agus céatadán na n-aonad iomlán*, soláthraithe ag an éilitheoir le linn tréimhse íocaíochta, a bhí faoi réir na cánach ag an ráta le haghaidh úsáid neamhghnó
  • R1 agus an ráta le haghaidh úsáid gnó
  • agus
  • R2 agus an ráta le haghaidh úsáid neamhghnó

[1] An figiúr ‘aonaid iomlána’ atá le húsáid chun na céatadáin a ríomh ná an figiúr le haghaidh ‘iomlán na n-aonad soláthraithe’ ar an bhfoirm tuairisceáin.

Nuair nach bhféadtar iomlán na n-aonad táirgthe ó chomhghiniúint teasa agus cumhachta neamhdhíobhálach don timpeallacht a chinneadh ar bhealach ar bith eile, déanfar cinneadh trí thagairt do na sonraí ar an meascán breosla i dtaca leis an soláthraí bainteach, mar a fhoilsíonn an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF). Ba chóir go mbainfeadh sonraí an mheascáin breosla leis an mbliain is déanaí a bhfuil sonraí foilsithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais ina leith.

Faoiseamh le haghaidh leictreachas a úsáidtear i ndí-ocsaídiú ceimiceach nó i bpróisis leictrealaíocha nó miotaleolaíocha

Oibríonn an faoiseamh trí aisíocaíocht a dhéanamh leis an tomhaltóir. Ba chóir don tomhaltóir na héilimh a chur faoi bhráid an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim leis an tomhaltóir tríd an bhfoirm éilimh le haghaidh aisíocaíocht chánach do leictreachas a úsáideadh i ndí-ocsaídiú ceimiceach nó i bpróisis leictrealaíocha nó miotaleolaíocha chomh maith le billí nó sonraisc don leictreachas a soláthraíodh le linn na tréimhse cuntasaíochta. 

Ar aghaidh: Taifid