Cáin Leictreachais

Rátaí

Tá dhá ráta cánach ann:

  • €1 an aonaid (uair meigeavata) le haghaidh leictreachais a sholáthraítear le haghaidh úsáid gnó
  • €1 an aonaid (uair meigeavata) le haghaidh leictreachais a sholáthraítear le haghaidh úsáid neamhghnó, seachas úsáid baile.

Ós rud é nach bhfuil soláthairtí le haghaidh úsáid baile faoi dhliteanas na cánach, beidh an chuid is mó de sholáthairtí incháinithe faoi dhliteanas ag an ráta gnó.

* Suas leis an 31 Nollaig 2019 agus an lá sin san áireamh, ba é €0.50 an aonaid (uair meigeavata) an ráta a bhí ar leictreachas a sholáthraítear le haghaidh úsáid gnó.

An Ráta Cánach a chinneadh

Ag an am a dhéantar soláthar, iarrtar ar an soláthraí a mheas an bhfuil an soláthar sin ann le haghaidh úsáid baile (agus faoiseamh ón gcáin dá réir) nó an bhfuil sé incháinithe ag ráta áirithe. Is iad seo a leanas na critéir leis an gcinneadh a dhéanamh:

  • Meastar gur le haghaidh úsáid baile é soláthar nuair a sholáthraítear é ag praghas sainithe le haghaidh úsáid baile i dtaraif praghais an tsoláthraí sin.
  • Bíonn soláthar incháinithe ag an ráta le haghaidh úsáid neamhghnó nuair a dhéantar é le comhlacht aitheanta ag na Coimisinéirí Ioncaim don soláthraí. Tá liosta de na comhlachtaí seo curtha ar fáil do sholáthraithe.
  • Aon soláthar nach bhfuil incháinithe ag an ráta neamhghnó nó nach meastar a bheith ann le haghaidh úsáid baile, measfar é a bheith incháinithe ag an ráta le haghaidh úsáid gnó.

Ar an gcoinníoll go gcloítear leis na critéir sin, níl an soláthraí faoi dhliteanas aon ghearríocaíocht chánach ar sholáthar áirithe nuair a fhaightear, tar éis an soláthar sin a bheith déanta, go raibh sé incháinithe ag ráta níos airde ná an ráta a d’úsáid an soláthraí.

Ar aghaidh: Clárúchán