Comhghiniúint Ardéifeachtúil Teasa is Cumhachta in Éineacht (CA TCÉ)

Forálacha nua i bhfeidhm ó 01 Eanáir 2017

Faoin Acht Airgeadais 2016, tugadh isteach leasuithe a bhaineann le Comhghiniúint Ardéifeachtúil Teasa is Cumhachta in Éineacht (CA TCÉ).

Leasaíodh an reachtaíocht chun faoiseamh páirteach a athrú go faoiseamh iomlán i leith:

Tá faoiseamh CA TCÉ ar fáil chomh maith ó chomhchuid an mhuirir charbóin den Cháin Ola Mianra (COM). Níl an faoiseamh CA TCÉ i gceist leis an gcomhchuid neamhcharbóin den COM.

Deonaítear an faoiseamh trí aisíocaíocht na cánach nuair a chuireann an tomhaltóir bainteach éileamh bailí i gcrích.

Foráiltear faoi na leasuithe ar an reachtaíocht go mbeidh faoiseamh iomlán i gceist ó 01 Eanáir 2017 i leith an mhéid seo a leanas:

  • sa chás go n-úsáidtear an breosla in CA TCÉ chun leictreachas ardéifeachtúil a ghiniúint
  • agus
  • sa chás go sonraítear an chainníocht iarbhír bhreosla a úsáidtear i ndeimhniú arna eisiúint ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF).

Ciallaíonn sé seo nach mór do na hoibreoirí i gceist a gcuid éileamh ar fhaoiseamh a bhunú ar bhreosla iarbhír a úsáideadh mar a dheimhníonn an CRF é (is é sin, bunaithe ar shonraí stairiúla).

Ar aghaidh: An chainníocht bhreosla lena mbaineann an faoiseamh a aithint