Comhghiniúint Ardéifeachtúil Teasa is Cumhachta in Éineacht (CA TCÉ)

Na tréimhsí a fhéadann éilimh a chlúdach agus an t-achar ama chun éilimh a thíolacadh

Faoin Acht Airgeadais, 2016, athraíodh na hachair ama ar laistigh díobh nach mór éileamh a dhéanamh tar éis eisiúint dheimhniú an Choimisiúin um Rialáil Fóntais (CRF), agus rinneadh an t-athrú chun próiseas athbhreithnithe deimhnithe an CRF a chur san áireamh.

I gcás na Cánach Carbóin ar Ghás Nádúrtha (CCGN) agus na Cánach Carbóin ar Bhreosla Soladach (CCBS)

  • féadtar éileamh a dhéanamh ar bhreosla a sheachadtar taobh istigh de thréimshe nach lú ná aon mhí agus nach faide ná 12 mhí
  • agus
  • ní mór an t-éileamh a thíolacadh taobh istigh de 6 mhí tar éis dháta eisiúna dheimhniú an CRF.

I gcás na Cánach Ola Mianra (COM)

  • is é an tréimhse a fhéadann éileamh a chlúdach ná tréimhse nach lú ná aon mhí agus nach faide ná 12 mhí
  • agus
  • ní mór an t-éileamh a thíolacadh taobh istigh de 4 mhí tar éis dháta eisiúna dheimhniú an CRF.

Ar aghaidh: Nós imeachta chun éilimh a dhéanamh