Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR)

Riachtanais chomhlíontachta TIR a chomhlíonadh

Ní mór do gach eintiteas atá faoi raon feidhme rialacha Cholún a Dó Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní mór an TIR a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis dheireadh gach bliana fioscach. Cuirtear síneadh leis an tréimhse sin go 18 mí don chéad bhliain fhioscach a bhfuil an t-eintiteas faoi raon feidhme. Baineann na hamlínte céanna le dlínsí eile ina gcuirtear rialacha Cholún a Dó chun feidhme.

Tabhair do d’aire

Tugtar Tuairisceán Faisnéise i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (GloBE) ar an TIR freisin. Déantar tagairt don Tuairisceán Faisnéise GloBE (GIR) i rialacha samhail Cholún a Dó de chuid an ECFE. Féadfaidh sé go nglacfaidh dlínsí neamh-AE atá ag cur rialacha Cholún a Dó chun feidhme le GIR in ionad TIR.

Tá ceithre bhealach ann d'eintiteas a n-oibleagáid tíolachta TIR a chomhlíonadh:

  1. Déanann gach comheintiteas den ghrúpa Ilnáisiúnta Fiontar (FIN) atá lonnaithe in Éirinn TIR a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim.
  2. Féadfaidh comheintiteas eintiteas áitiúil ainmnithe a cheapadh chun an TIR a ullmhú agus a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim ar a shon. Ní fhéadtar níos mó ná eintiteas amháin i ngrúpa FIN nó i ngrúpa mórscála intíre a cheapadh mar eintiteas áitiúil ainmnithe.
  3. Tíolacann an máthaireintiteas deiridh an TIR nó an GIR le húdarás cánach i ndlínse eile.
  4. Tíolacann eintiteas tíolactha ainmnithe an TIR nó an GIR le húdarás cánach i ndlínse eile.

Ní mór d'einititeas atá ag tíolacadh TIR nó GIR i ndlínse eile a chinntiú:

Ní fheádfaidh einitis atá ag tíolacadh TIR i ndlínse eile ach tíolacadh i ndlínse atá ina sínitheoir don GIR MCAA nó i mBallstát den Aontas Eorpach. Ní mór comhaontú gníomhach maidir le malartú TIR a bheith i bhfeidhm idir Éire agus an dlínse sin.

Ar aghaidh: Fógra um thíolacóir