Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR)

Malartú faisnéise

Le Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 15 Nollaig 2022, cinntítear íosleibhéal cánachais domhanda do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas Eorpach (AE). Rinneadh an Treoir seo a thrasuí i ndlí na hÉireann le Cuid 4A den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, agus tugtar an Treoir um Chánach Íosta uirthi.

Leis an Treoir um Chánach Íosta, ní mór d'einititis Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a thíolacadh. Le Treoir (AE) 2025/872 ón gComhairle (DAC9), foráiltear don mhalartú uathoibríoch faisnéise TIR idir Bhallstáit an AE.

Tugtar Tuairisceán Faisnéise i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (GloBE) ar an TIR freisin. Déantar tagairt don Tuairisceán Faisnéise GloBE (GIR) i rialacha samhail Cholún a Dó de chuid an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).

Leis an Multilateral Component Authority Agreement on the Exchange of GloBE Information (GIR MCAA) foráiltear don mhalartú uathoibríoch faisnéise GIR idir riaracháin chánach atá ina GIR MCAA signatory.

Foráiltear leis an Acht Airgeadais 2025 go hintíre don mhalartú faisnéise TIR nó GIR faoi DAC9 agus faoin GIR MCAA. Ní mór d'údarais chánach, lena n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim, faisnéis TIR nó GIR a mhalartú ar dtús ag tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026. Déanfar faisnéis a mhalartú idir údaráis chánach de réir an cur chuige scaipthe.

Tabhair do d’aire

Is próiseas é an 'cur chuige spaipthe' atá ceadaithe ag Creat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS faoin GIR MCAA. Cinntíonn an próiseas seo nach bhfaigheann dlínsí ach na sonraí atá ábhartha dá ndlínse.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin, féach Ag ullmhú do Cholún a Dó.