Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR)

Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a cheartú nó a scriosadh

Féadtar Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a thíolaic tú do na Coimisinéirí Ioncaim a cheartú nó a scriosadh más gá. B'fhéidir go mbeidh ort ceartú nó scriosadh a dhéanamh nuair is gá faisnéis a thíolaic tú do na Coimisinéirí Ioncaim riomhe seo a leasú. 

Tabhair do d'aire

Mura n-uaslódáiltear comhad XML go ráthúil nó mura n-éiríonn leis sa tseiceál bailíochtaithe XML, ní ghlacfaidh Seirbhís ar Líne na gCoimsinéirí Ioncaim (ROS) leis an TIR. Mura nglactar le TIR, ní fhéadtar an TIR a cheartú nó a scriosadh.  

Chun tuilleadh eolas a fháil, féach An próiseas tíolactha maidir le Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR).

Tá an fheidhmiúlacht chun TIR a tíolacadh riomhe seo a cheartú nó a scriosadh ionsuite laistigh de struchtúr an chomhaid XML. Chun TIR a thíolacadh go rathúil a cheartú nó a scriosadh, ní mór duit cineál teachtaireachta XML ceartúcháin nó scriosta (GIR102) a chur isteach. Tugann sé seo treoir do ROS an tíolacadh TIR a dearnadh roimhe seo a cheartú nó a scriosadh. 

Tugann na foinsí seo a leanas treoir maidir leis an bpróiseas chun TIR a tíolacadh roimhe seo a cheartú nó a scriosadh:

Ní mór do cheartúcháin agus d'aon scriosadh a thíolactar ar ROS an struchtúr céanna a leanúint leis an teachtaireacht ar glacadh léi roimhe sin. Ní mór ceartúcháin agus scriosadh a nascadh leis an gcomhaid bunaidh trí na heilimintí réimse <CorrDocRefId>.

Má dhéanann tú TIR a tíolacadh roimhe seo a cheartú nó a scriosadh, ní mheasfar  gur tíolacadh déanach é an ath-thíolacadh, más rud é:

  • gur tógadh cúram cuí le tíolacadh an TIR bunaidh
  • agus
  • gur gá an ceartú nó scriosadh agus t-ath-thíolacadh a dhéanamh chun:
    • earráid nó botún a cheartú
    • nó
    • chun aon fhoráil eile de Chuid 4A den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 a chomhlíonadh.