DAC9/GIR

Léargas ginearálta

Éilíonn Colún a Dó ar Fhiontair Ilnáisiúnta (MNEanna) agus ar ghrúpaí mórsala intíre 15% ar a laghad a íoc ar bhrabúis i ngach dlínse a oibríonn siad.

Is éard atá i gceist le MNEanna laistigh de raon feidhme ná iad siúd a bhfuil ioncam bliantúil comhdhlúite €750m nó níos mó acu, in dhá cheann de na ceithre bliana fioscacha roimhe sin.

Malartú faisnéise

Soláthraíonn an Tuairisceán Faisnéise i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (GloBE) (GIR) an creat chun faisnéis a thuairsciú, agus a mhalartú maidir leis an gCáin Íosta Dhomhanda (Colún a Dó).

Tá Éire tar éis Multilateral Competent Authority Agreement on the GloBE Information Return (GIR MCAA) a shíniú agus a chur i bhfeidhm.

Foráiltear le Council Directive 2011/16/EU (DAC) do mhalartú faisnéise cáiníocóirí idir riaracháin chánach bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE). Le Council Directive (EU) 2025/872 (DAC9) leasaíodh DAC chun an GIR a thrasuí i ndlí an AE.

Tacaíonn DAC9 le cur chun feidhme agus riaradh Council Directive (EU) 2022/2523, lena dtrasuítear rialacha Cholún a Dó (GloBE) an ECFE i ndlí an AE.

Soláthraíonn DAC9 (an GIR MCAA) an bunús dlí le haghaidh comhar agus malartú faisnéise a bhaineann leis an:

Reachtaíocht na hÉireann agus treoir

Rinne Alt 94 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2023 (arna leasú tuilleadh leis an Acht Airgeadais 2024) Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle a thrasuí i ndlí náisiúnta na hÉireann. Tá sé seo le fáil in Ailt 111A-111AAAE de Chuid 4A den Acht Comhdhlúite Cánacha (ACC), 1997, agus tacaítear leis Statutory Instrument (S.I.) No. 675 of 2023.

Ar aghaidh: Oibleagáidí clárúcháin do thíolacóirí