DAC9/GIR

Oibleagáidí tuairiscithe an Tuairisceáin Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR)

Ní mór do gach eintiteas atá faoi raon feidhme rialacha Cholún a Dó Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní mór an TIR a thíolacadh tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis dheireadh gach bliana fioscach. Cuirtear síneadh leis an tréimhse sin go 18 mí don chéad bhliain fhioscach a bhfuil an t-eintiteas faoi raon feidhme. Baineann na hamlínte céanna le dlínsí eile ina gcuirtear rialacha Cholún a Dó i bhfeidhm.

Tabhair do d’aire

Tugtar Tuairisceán Faisnéise i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (GloBE) ar an TIR freisin. Luaitear an téarma seo GloBE Information Return (GIR) i rialacha samhla Cholún a Dó ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD).

Tá ceithre bhealach ann d'eintiteas a n-oibleagáid tíolachta TIR a chomhlíonadh:

  1. Déanann gach comheintiteas den ghrúpa Fiontar Ilnáisiúnta (FIN) atá lonnaithe in Éirinn TIR a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim.
  2. Féadfaidh comheintiteas eintiteas áitiúil ainmnithe a cheapadh chun an TIR a ullmhú agus a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim ar a shon. Ní fhéadtar níos mó ná eintiteas amháin i ngrúpa FIN nó i ngrúpa mórscála intíre a cheapadh mar eintiteas áitiúil ainmnithe.
  3. Tíolacann an máthaireintiteas deiridh an TIR nó an GIR le húdarás cánach i ndlínse eile.
  4. Tíolacann eintiteas tíolactha ainmnithe (DFE) an TIR nó an GIR le húdarás cánach i ndlínse eile.

Ní mór d'einititeas atá ag tíolacadh TIR nó GIR i ndlínse eile a chinntiú:

Tá an fhaisnéis seo a leanas foilsithe ag an ECFE chun faisnéis a chur ar fáil d'eintitis laistigh den raon feidhme maidir leis an TIF:

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis and TIR, féach ar Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR).

Ar aghaidh: Conas Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a thíolacadh