DAC9/GIR
Conas Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a thíolacadh
Ní mór do ghrúpaí fiontar ilnáisiúnta (Grúpaí MNE) a bhfuil oibleagáidí tíolactha Cholún a Dó acu in Éirinn, Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun dualgas tuairiscithe a chlárú. Mura bhfuil teacht agat ar ROS, ní mór duit clárú mar eintiteas tuairiscithe. Más gníomhaire thú atá ag déanamh ionadaíochta ar eintiteas tuairiscithe, féadtar do chliant a chlárú ar ROS.
Nuair a bheidh tú cláraithe mar eintiteas tuairiscithe, beidh tú in ann teacht ar ROS agus clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe don Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR).
Tabhair do d'aire
Tugtar Tuairisceán Faisnéise i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (GloBE) ar an TIR freisin. Luaitear an téarma seo GloBE Information Return (GIR) i rialacha samhla Cholún a Dó ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).
Féadtar tuairisceáin a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim trí ROS trí chomhad XML a thíolacadh. Ba cheart an TIR a ullmhú i gcomhréir leis an treoir ábhartha.
Ní mór do na comhaid XML a chuireann tú isteach dul trí sheiceálacha bailíochtaithe lena chinntiú go gcomhlíonann siad an scéim. Féadtar comhaid nach gcomhlíonann na critéir a dhiúltú.
Tá an fhaisnéis seo a leanas foilsithe ag an ECFE chun eolas a chur ar fáil d'eintitis laistigh den raon feidhme maidir leis an TIR:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach ar na rannáin Forbróirí bogearraí agus Colún a Dó.
Ar aghaidh: Cén uair agus cén chaoi a mhalartaítear faisnéis