DAC9/GIR
Oibleagáidí clárúcháin do thíolacóirí
Baineann rialacha Cholún a Dó le grúpaí Fiontair Ilnáisiúnta (FIN) nó le grúpaí mórscála intíre. Tá feidhm ag na rialacha seo sa chás go sáraíonn ioncam an ghrúpa €750 milliún in dhá cheann de na ceithre bliana fioscacha roimhe sin. Ní mór do gach eintiteas atá faoi raon feidhme rialacha Cholún a Dó Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim.
I measc rialacha Cholún a Dó tá Riail um Chuimsiú Ioncaim (RCI) agus Riail maidir le hÍocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC). Ceadaíonn na rialacha freisin do dhlínsí Cáin Bhreisiúcháin Náisiúnta Cháilithe (CBNC) a thabhairt isteach.
Ní mór d'eintitis atá lonnaithe in Éirinn clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim má tá siad faoi réir aon cheann díobh seo a leanas:
Ní mór d'eintitis clárú laistigh de 12 mhí ó dheireadh na chéad bhliana fioscach a thagann siad faoi raon feidhme.
Maidir le heintitis atá laistigh den raon feidhme agus críochnaíonn a gcéad bhliain fhioscach in 2024, is é 31 Nollaig 2025 an spriocdháta clárúcháin. Cuireadh síneadh leis an spriocdháta sin go dtí an 28 Feabhra 2026 ina dhiaidh sin.
Féadtar clárú do Cholún a Dó a dhéanamh anois trí Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Sa chás go gceaptar Eintiteas Tíolactha Ainmnithe (DFE), ba cheart an t-ainmniú sin a chur in iúl trí Fhógra um Thíolacóir (NOF), ionas gur féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim brath ar thíolacadh lárnach chun críocha Colún a Dó.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Clárú le haghaidh Colún a Dó.
Ar aghaidh: An Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR)