DAC9/GIR

An Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR)

Ní mór do gach eintiteas atá faoi raon feidhme rialacha Cholún a Dó Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Is tuairisceán faisnéise éigeantach é an TIR ina gcuimsítear na sonraí a cheanglaítear faoi rialacha Cholún a Dó. Tá sonraí ann maidir le grúpa fiontar ilnáisiúnta:

  • struchtúr
  • sonraí airgeadais
  • ríomhanna i leith gach dlínse ina n-oibríonn sé.

Ní mór an TIR a thíolacadh tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis dheireadh gach bliana fioscach. Cuirtear síneadh leis an tréimhse sin go 18 mí don chéad bhliain fhioscach a bhfuil an t-eintiteas faoi raon feidhme.

Tabhair do d'aire

Tugtar Tuairisceán Faisnéise i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (GloBE) ar an TIR freisin. Luaitear an GloBE Information Return (GIR) i rialacha samhla Cholún a Dó ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE).

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an TIR, féach Ag Ullmhú do Cholún a Dó.

Ar aghaidh: Conas Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a thíolacadh