DAC9/GIR

Cén uair agus cén chaoi a mhalartaítear faisnéis

Déantar faisnéis a thuairiscítear sa Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a mhalartú go huathoibríoch idir riaracháin chánach faoi réir na hionstraime dlí ábhartha.

Déantar malartuithe le Ballstáit eile den Aontas Eorpach (AE) faoin Council Directive 2023/872  (EU) (DAC9). Déantar faisnéis a mhalartú le dlínsí neamh-AE sa chás go bhfuil comhaontú i bhfeidhm faoin Multilateral Competent Authority Agreement on the GloBE Information Return (GIR MCAA).

Malartaíonn na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis leis an dlínse rannpháirteach laistigh de thrí mhí ón spriocdháta tíolactha. Ní bhfaighidh dlínsí eile ach na codanna den tuairisceán a bhfuil siad i dteideal a fháil faoi DAC9/GIR MCAA, de réir an cur chuige dissemination.

Don chéad tréimhse tíolactha, malartóidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis laistigh de shé mhí ón spriocdháta ábhartha.

Tabhair do d'aire

Is próiseas é an 'cur chuige scaipthe' atá ceadaithe ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE)/Creat Cuimsitheach G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEBS) faoin GIR MCAA. Cinntíonn an próiseas seo nach bhfaigheann dlínsí ach na sonraí atá ábhartha dá ndlínse féin. 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na dlínsí a mhalartaíonn na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis leo de réir an cur chuige scaipthe, féach Activation status of GIR MCAA signatories an ECFE.