Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR)

Cad é an TIR?

Ní mór do gach eintiteas atá faoi raon feidhme rialacha Cholún a Dó Tuairisceán Faisnéise Cánach Breisiúcháin (TIR) a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim. Is éard is TIR ann ná tuairisceán faisnéise éigeantach ina gcuimsítear na sonraí a cheanglaítear faoi rialacha Cholún a Dó. Tá sonraí ann maidir le grúpa ilnáisiúnta fiontar:

  • struchtúr
  • sonraí airgeadais
  • agus
  • ríomhanna i leith gach dlínse ina n-oibríonn sé.

Ní mór an TIR a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim tráth nach déanaí ná 15 mhí tar éis dheireadh gach bliana fioscach. Cuirtear síneadh leis an tréimhse sin go 18 mí don chéad bhliain fhioscach a bhfuil an t-eintiteas faoi raon feidhme.

Tabhair do d'aire

Tugtar Tuairisceán Faisnéise i gcoinne Chreimeadh an Bhoinn (GloBE) ar an TIR freisin. Tagraítear do Thuairisceán Faisnéise GloBE (GIR) i rialacha samhail Cholún a Dó de chuid an ECFE. Féadfaidh sé go nglacfaidh dlínsí neamh-AE atá ag cur rialacha Cholún a Dó chun feidhme le GIR in ionad TIR.

Foráiltear le Treoir 2011/16 ón gComhairle AE (DAC) don malartú faisnéise cáiníocóra idir riaracháin chánach bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE). In 2025, leasaíodh DAC le Treoir (AE) 2025/872 ón gcomhairle 2025/872 (DAC9) .Foráiltear le DAC9 do mhalartú uathoibríoch faisnéise TIR idir Bhallstáit an AE.

Ní mór an TIR a chomhlánú de réir DAC9. Trasuíonn an tAcht Airgeadais 2025 DAC9 i reachtaíocht intíre. Beidh an TIR ar fáil trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) i mí an Mhárta 2026.

Ní mór d'eintitis a thíolacann GIR é sin a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais rialacha samhail Cholún a Dó. D'fhoilsigh ECFE Comhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil maidir le Malartú Faisnéise GloBE .(GIR MCAA) i mí Eanáir 2025.

Foráiltear leis an GIR MCAA do mhalartú uathoibríoch faisnéise GloBE idir riaracháin chánach atá ina Sínitheoirí den GIR MCAA mura bhforáiltear dó faoi DAC9.

Ar aghaidh: Riachtanais chomhlíontachta TIR a chomhlíonadh