Duine Sonraithe (SP)

An soláthraíonn tú seirbhísí?
- San earnáil tógála, atá faoir réir CCI faoi láthair nó sna tionscail foraoiseachta nó próiseála feola, atá faoi réir CCI faoi láthair.
- Do dhaoine cuntasacha, atá faoi réir CISG faoi láthair.
- Trí ardán ar líne, áit a n-éascaítear seirbhís ar an ardán agus ina ndéantar an íocaíocht ón bhfaighteoir tríd an oibreoir ardáin chuig an soláthraí seirbhíse.
Más ea, beidh tú i do SP i leith eWHT.
Céard is brí le seirbhísí a sholáthar?
Tá tú ag cur seirbhís ar fáil ina ndéanann tú gníomhaíocht do pháirtí eile agus seachadann torthaí inmhianaithe don chustaiméir sin. Féadfaidh sé gur ar bhonn ama nó tascanna a sholáthraíonn tú na seirbhísí sin ag brath ar iarratas an chustaiméara. Samplaí do eWHT:
Céard is brí leis sin?
- Gearrfar cáin iarchoimeádta ag an bhfoinse ó d'íocaíochtaí ón té atá Ainmnithe i leith Siarchoinneáil (DW).
- Beidh feidhm le eWHT cibé acu an oibríonn tú mar dhuine aonair, páirtnéireacht, cuideachta nó eintitis neamhchorparáideach.
Cén chaoi a n-oibreoidh sé seo?
- Nuair atá íocaíocht dlite duit ó do DW, seolfaidh siad faisnéis maidir leat féin agus an íocaíocht chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
- Freagróidh na Coimisinéirí Ioncaim le ráta asbhainte atá le cur i bhfeidhm ag an DW ar d'íocaíocht.
- Gheobhaidh tú d'íocaíocht glan ó cháin arna ríomh ag an ráta seo.
- Má oibríonn tú mar oibrí aonair beidh do ráta ina Ráta Asbhainte Pearsanaithe (PDR).
- Má oibríonn tú mar chorparáid, pháirtnéireacht nó eintiteas eile, is ráta comhréidh asbhainte a bheidh i bhfeidhm.
- Cuirfear an méid a choinnítear siar ó d'íocaíocht ar aghaidh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Beidh sé seo ina réamhíocaíocht ar do réamhdhliteanas cánach.
- Tá sé beartaithe go ndéanfar cumarsáid idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an DW trí Chomhéadan Feidhmchláir (API). Malartú sonraí fíor-ama é seo idir córais na gCoimisinéirí Ioncaim agus córas TF an DW.
- Beidh trédhearcacht mhéadaithe agat ar do sheasamh cánach fíor-ama trí ROS.
Oibríonn mé mar thrádálaí aonair, mar oibrí aonair - Cad is PDR ann?
- Beidh feidhm le PDR do dhaoine féinfhostaithe amháin. Ní bheidh feidhm aige maidir le heintitis chorparáideacha agus neamhchorparáideacha eile.
- Ráta asbhainte cánach pearsanaithe é PDR a bheidh uathúil duit féin agus do do chúinsí.
- Tá sé beartaithe go ndéanfar é a ríomh bunaithe ar roinnt fachtóirí, lena n-áirítear:
- do bhanda ráta
- do chreidmheasanna cánach
- d'ioncam eWHT
- d'ioncam neamh-eWHT
- do chostais ghnó.
- Cinnteoidh an PDR go mbeidh an cháin a choinnítear siar ó gach íocaíocht níos cruinne agus níos cóngaraí don cháin iarbhír atá dlite ar an íocaíocht sin. Tá sé seo cosúil le córas ÍMAT a chuirtear i bhfeidhm ar ioncam fostaíochta.
- Ní bheidh ioncaim ó fhostaíochtaí ÍMAT ná na bandaí ráta agus creidmheasanna cánach a shanntar do ÍMAT mar chuid de ríomh an PDR.
- Beidh PDR le húsáid i dtaca le híocaíochtaí eWHT amháin.
- Cuirfidh muid fáisnéis ar fáil duit faoi ríomh do PDR trí ROS.
Conas is féidir liom cruinneas mo PDR a fheabhsú?
- Mar thrádálaí aonair, tá tú i dteideal asbhaint chánach do chostais ghnó. Ciallaíonn sé seo go ndéantar na costais seo a bhaint de d'ioncam comhlán chun d'ioncam incháinithe a ríomh.
- Beidh cruinneas do PDR ag brath ar roinnt fachtóirí. Áirítear leo seo an méid, más ann dó, d'ioncaim eile a fhaigheann tú, agus na costais ghnó a thabhaíonn tú.
- Tá sé i gceist ag na Coimisinéirí Ioncaim go mbeidh tú in ann ioncaim eile agus costais ghnó a thuairisciú i bhfíor-am. Má úsáideann tú an rogha seo, feabhsóidh sé cruinneas do PDR. Beidh an cháin a choinnítear siar níos gaire don mhéid ceart cánach atá dlite ar an íocaíocht sin.
- Beidh PDR le húsáid i dtaca le híocaíochtaí eWHT amháin.
- Tá sé beartaithe go ndéanfaidh PDR do cháin a thabhairt níos gaire do cháin fhíor-ama, mar a bhíonn ag fostaithe ÍMAT.