Rialachas

Grúpa Idirchaidrimh na Roinne Airgeadais agus Bhord na gCoimisinéirí Ioncaim

Grúpa roinnte faisnéise is ea Grúpa Idirchaidrimh na Roinne Airgeadais agus Bhord na gCoimisinéirí Ioncaim. Sa ghrúpa tá An tArd-Rúnaí, an Dara hArd-Rúnaí agus an Rúnaí Cúnta, Beartas Cánach ón Roinn Airgeadais agus Bord na gCoimisinéirí Ioncaim, is é sin Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim agus an bheirt Choimisinéirí.

Malartaíonn an grúpa faisnéis a bhaineann le beartas ardleibhéil atá mar ábhar comhspéise don dá eagraíocht. Casann sé le chéile roinnt uaireanta sa bhliain.

Tá neamhspleáchas reachtúil ag na Coimisinéirí Ioncaim i dtaca le riar an chórais cánach agus dá réir sin ní dhéantar cásanna aonair cánach a phlé.