Rialachas

Meabhráin Tuisceana

Meabhrán Tuisceana idir an tÚdarás Rialála Carthanais agus na Coimisinéirí Ioncaim

Ullmhaíodh Meabhrán Tuisceana chun aitheantas a thabhairt don dlúthchaidreamh oibre idir an tÚdarás Rialála Carthanais agus na Coimisinéirí Ioncaim.

Leagtar amach sa mheabhrán seo sonraí faoin gcomhoibriú idir an dá pháirtí, agus feidhmeanna na bpáirtithe sin i rialáil eagraíochtaí carthanúla agus iontaobhais carthanúla.

Tá cóip shínithe den Mheabhrán Tuisceana ar fáil thíos:

Meabhrán Tuisceana

Meabhrán Tuisceana idir an Phríomh-Oifig Staidrimh agus na Coimisinéirí Ioncaim

Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim réimse leathan sonraí ó chánacha agus dleachtanna a riar a bhfuil freagracht acu ina leith.

Aithníonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (PSO) an fhéidearthacht a bhaineann le sonraí na gCoimisinéirí Ioncaim ó thaobh an dá rud seo:

  • staitisticí a optamú
  • agus
  • an t-ualach ar ghnóthais a laghdú de bhun sonraí i ndúblach a dhíothú.

Mar aitheantas ar an idirspleáchas idir na hoifigí, ullmhaíodh meabhrán tuisceana idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an Phríomh-Oifig Staidrimh. Tá cóip shínithe den Mheabhrán Tuisceana ar fáil thíos:

Meabhrán Tuisceana.

Ar aghaidh: Dialanna an bhoird