Taifid a choinneáil

Faoi Ailt 13 agus 14 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) tá an ceart agat chun Sonraí pearsanta a phróiseálann na Coimisinéirí Ioncaim.

Tá an ceart agat chomh maith fios a bheith agat cén t-achar ama a stórálfar do chuid sonraí pearsanta.

Tá an fhaisnéis seo ar fáil inár bPolasaí um Choinneáil agus Diúscairt Taifead.

Sceideal na dtaifead

Tá coinneáil agus diúscairt taifead a chruthaíonn agus a choinníonn na Coimisinéirí Ioncaim faoi rialú ag Sceideal Taifead na gCoimisinéirí Ioncaim.

Léiríonn se an t-achar ama a theastaíonn chun taifid éagsúla a choinneáil. Braitheann an t-achar ama ar riachtanais reachtacha agus riachtanais eile.

Tá achoimre ann chomh maith ar an ngníomh a theastaíonn a dhéanamh nuair a thagann deireadh le saolré úsáideach na dtaifead.