Cearta duine is ábhar do na sonraí

Léargas ginearálta

Tugann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) smacht níos mó duit i ndáil le do shonraí pearsanta. Láidríonn agus leathnaíonn Ailt 13 go 22 den RGCS do chearta mar dhuine is ábhar do shonraí. Baineann siad seo leis an gcaoi a ndéanann eagraíochtaí amhail na Coimisinéirí Ioncaim do chuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil.

Srian ar chearta an duine is ábhar do shonraí

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim sonraí fút a choinneáil siar sa chás go bhfuil bunús dlíthiúil lena leithéid a dhéanamh. Tagann sé seo le hAlt 23 den RGCS.

Is in Alt 851B(5) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 atá an bunús dlí a ligeann dúinn do chuid sonraí pearsanta a choinneáil siar. Mar shampla, féadann muid faisnéis a choinneáil siar más rud é go ndéanfadh sé dochar, nó go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh:

  • do riar, measúnú, bailiú agus aisghabháil cánach
  • do riar agus feidhmiú rialuithe custam
  • d’iniúchadh nó cosc coire faoi na hAchtanna. 

Ní fhéadann muid sonraí a choinneáil siar ach amháin sna cásanna seo:

  • nuair atá bunús dlíthiúil lena leithéid a dhéanamh
  • nuair atá an srian comhréireach
  • nuair atá do chearta agus do shaoirse cosanta. 

Faoi Alt 851B, má dhiúltaíonn muid do shonraí a scaoileadh, ní mór dúinn na cúiseanna leis a chur in iúl duit. 

Féadann muid chomh maith do chearta a shrianadh faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018

Ar aghaidh: Ceart chun faisnéise