Cearta duine is ábhar do na sonraí

An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad)

Tá an ceart agat i gcúinsí áirithe go ndéanfaí léirscriosadh ar do chuid sonraí pearsanta. Mar shampla, féadtar iarraidh go ndéanfaí léirscriosadh ar do shonraí nach bhfuil riachtanach a thuilleadh don chúis ar bailíodh iad. Tagann sé seo faoi Alt 17 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).   

Más mian leat leas a bhaint as an gceart seo, féadtar teagmháil a dhéanamh linn. Ba chóir duit an méid seo a leagan amach go soiléir:

  • na sonraí pearsanta atá i gceist
  • na cúiseanna a mheasann tú gur chóir iad a léirscriosadh nó nár chóir iad a phróiseáil a thuilleadh.

Ceadóidh muid an t-iarratas gan a thuilleadh moille, é sin nó míneoidh muid duit an fáth nach ndéanfaidh muid amhlaidh.  

Maidir leis an gceart go ndéanfaí léirscriosadh, ní fhéadann sé cur isteach ar Chroí-obair na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: An ceart chun srian a chur ar phróiseáil