Cearta duine is ábhar do na sonraí

An ceart chun nach mbeifí faoi réir cinntí aonair uathoibríocha, próifíliú san áireamh

Tá an ceart agat nach mbeifeá faoi réir cinneadh bunaithe go heisiach ar phróiseáil uathoibríoch. Folaíonn sé seo próifíliú nó aon chleachtas eile a chruthaíonn éifeachtaí dlíthiúla nó eile a imríonn an toradh tionchar suntasach ort.

Níl an ceart seo i gceist, áfach, más faoin dlí a údaraítear an cinneadh. Tagann sé seo faoi Alt 22 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

I gcás na gCoimisinéirí Ioncaim, an bunús dlíthiúil ná Alt 851B(3) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. Ligeann sé seo dúinn próifíliú a dhéanamh ar do chuid sonraí pearsanta. 

Ciallaíonn sé seo go mbainfidh muid úsáid as rialacha réamh-shainmhínithe nuair atá anailís á déanamh ar shonraí pearsanta chun tuairisceáin mhíchearta nó dliteanais amuigh a shainaithint. Tá na rialacha seo bunaithe ar anailís ar shonraí stairiúla agus ionchur ó shaineolaithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní fhéadtar próifíliú a dhéanamh a chruthaíonn cinneadh uathoibríoch ach amháin nuair atá bunús dlíthiúil lena leithéid a dhéanamh.