Cearta duine is ábhar do na sonraí

Ceart chun sonraí pearsanta a cheartú

Déanann muid gach iarracht a chinntiú go gcoinnítear do chuid sonraí pearsanta cruinn agus cothrom le dáta.  

Má mheasann tú nach bhfuil siad cruinn nó ábhartha, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn. Tagann sé seo faoi Alt 16 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Ba chóir duit míniú soiléir a thabhairt ar na sonraí pearsanta atá i gceist agus na cúiseanna a mheasann tú iad a bheith míchruinn. Leasóidh muid iad gan a thuilleadh moille, é sin nó míneoidh muid duit an fáth nach ndéanfaidh muid amhlaidh. 

Tabhair do d'aire

Féadfaidh tú do chuid sonraí pearsanta a leasú, lena n-áirítear do sheoladh, do stádas pósta trí moChúrsaí. É sin nó féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad)