Cearta duine is ábhar do na sonraí

An ceart chun iniomparthacht sonraí agus chun cur i gcoinne próiseála

An ceart chun iniomparthacht sonraí

Tá an ceart agat do shonraí pearsanta a fháil agus iad a sheoladh chuig rialaitheoir sonraí eile. Tagann sé seo faoi Alt 20 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Ní dócha go dtiocfaidh do cheart aníos i leith iniomparthacht sonraí i ndáil le do chuid sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag na Coimisinéirí Ioncaim.

An ceart chun cur i gcoinne próiseála

Tá an ceart agat i gcónaí cur i gcoinne próiseáil a dhéanamh ar do chuid sonraí pearsanta sa chás go bhfuil sé á dhéanamh

  • chun go gcuirfí i gcrích tasc a dhéantar chun leasa an phobail nó faoi údarás oifigiúil an rialaitheora sonraí
  • chun críocha leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir sonraí nó ag tríú páirtí.

Ní fhéadtar do shonraí a phróiseáil a thuilleadh ach amháin má tá cúinsí dlisteanacha éilitheacha ann:

  • a sháraíonn leasanna, cearta agus saoirse an duine is ábhar do shonraí
  • a theastaíonn chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Tagann sé seo faoi Alt 21 den RGCS.

Maidir le próiseáil chun críocha Croí Obair is na gCoimisinéirí Ioncaim, ní dhéantar í faoi aon cheann de na forais thuas. 

Ar aghaidh: An ceart chun nach mbeifí faoi réir cinntí aonair uathoibríocha, próifíliú san áireamh