Cearta duine is ábhar do na sonraí

Ceart rochtain a fháil ar fhaisnéis

Tá tú i dteideal na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút a fháil, ach amháin i gcúinsí teoranta áirithe. Tugtar sonraí faoi seo in Alt 851B(5) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 . Féadtar cóip de do shonraí a iarraidh trí litir nó trí ríomhphost. Tagann sé seo faoi Alt 15 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Tá tú i dteideal na faisnéise seo a leanas:

  • an fáth a bhfuil próiseáil á déanamh ar do chuid sonraí pearsanta
  • na catagóirí sonraí atá á gcoinneáil againn fút
  • na dreamanna a bhfuil muid ag roinnt do shonraí leo
  • an áit óna bhfuair muid do chuid sonraí an chéad uair
  • an t-achar ama a choinneoidh muid é 
  • an chaoi a bhféadtar ceartúchán ar do chuid sonraí pearsanta a iarraidh
  • an chaoi a bhféadtar do chuid sonraí pearsanta a léirscriosadh
  • an bhfuil nó nach bhfuil cinntí uathoibríocha á ndéanamh i ndáil le do shonraí pearsanta
  • an bhfuil nó nach bhfuil próifíliú á dhéanamh againn ort bunaithe ar do chuid sonraí pearsanta
  • an chaoi a bhféadtar gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí. 

Tá achoimre ar na sonraí uile in Sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag na Coimisinéirí Ioncaim agus inár bPolasaí agus sceideal i leith taifid a choinneáil.

Ar aghaidh: Ceart chun sonraí pearsanta a cheartú