Aistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta

Léargas ginearálta

Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ní fhéadtar do chuid sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír ach amháin i gcúinsí áirithe.  Is éard is tríú tír ann ná tír taobh amuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).  Tá 27 Ballstát AE san LEE, chomh maith leis an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Seo thíos roinnt samplaí den chaoi a bhféadtar sonraí pearsanta a aistriú:

  • má mheasann an Coimisiún Eorpach go bhfuil leibhéal imleor cosanta sonraí ag an tríú tír (cinneadh i leith dóthanachta)
  • má theastaíonn nó má údaraítear an t-aistriú sonraí pearsanta faoin dlí.

Ar aghaidh: Ionstraimí dlí d'fhonn sonraí pearsanta a aistriú