Iarratais rochtana ar shonraí

Léargas ginearálta

Neartaíonn Ailt 13 go 22 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) do chearta maidir le do chuid sonraí pearsanta.

Folaíonn na cearta seo an ceart chun iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil i do leith. Tá ceangal ar na Coimisinéirí Ioncaim freagairt don iarratas sin taobh istigh de thréimhse aon mhí ón dáta a fhaightear d’iarratas.

Ar aghaidh: Cén chaoi le hiarratas rochtana sonraí a dhéanamh