Iarratais rochtana ar shonraí

An bhféadtar na sonraí uile atá coinnithe fút a fháil?

Ní fhéadtar, i gcónaí. Faoi Alt 23 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), ceadaítear dúinn sonraí atá á gcoinneáil againn fút a choinneáil siar. Tá sé seo i gceist sa chás go bhfuil bunús dlí againn a leithéid a dhéanamh.

Is in Alt 851B(5) den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 atá an bunús dlí a ligeann dúinn do chuid sonraí pearsanta a choinneáil siar.

Mar shampla, féadann muid sonraí a choinneáil siar más rud é go ndéanfadh sé dochar, nó go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh:

  • do riar, measúnú, bailiú agus aisghabháil cánach
  • do riar agus feidhmiú rialuithe custam
  • d’iniúchadh nó cosc coire faoi na hAchtanna.

Féadann muid chomh maith do chearta a shrianadh faoin Acht RGCS nó an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 nó an tAcht um Nochtadh Cosanta (arna leasú), 2022.

Ar aghaidh: Cén chaoi a bhféadtar achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le d'iarratas rochtana ar shonraí?